Ionsaí i bPáras

Ag amharc ar an tragóid i bPáras tá sé dodhéanta gan a bheith croíbhriste ar son na ndaoine a chaill cairde nó gaolta sna hionsaithe marfacha a tharla ansin ar na mallaibh. Daoine amuigh ag baint sult as an saol, básaithe. Scaoileadh marbh iad agus iad ag ól cupan caife.  Daoine caillte agus iad ag éisteacht le ceol.

Na scealtaí a chuala muid ó na daoine a d’éalaigh ón halla ina raibh an cheolchoirm, daoine a bhí ina luí ar an urlár agus na gunnadóirí ag scaoileadh orthu, daoine a bhí ag iarraidh iad féin agus a gcairde a chosaint. Deacair a chloisteáil. Deacair a chreidiúint.

Ach ní chluinimid na scealtí ó  daoine i Siria nó i dtiortha eile sna ceantair nuair a chailleadh a bpáistí, nó a dtuismitheoir, nó a gcara mar gheall ar ionsaithe ón SIIS nó ionsaithe ó ladrainn de chuid Mheiriceá, nó ionsaithe ó eitleáin de chuid na Fraince. Ní fheicimid na deora. Ní mhothaímid an brón.

Ach tá an brón chomh láidir i Siria agus atá sé i bPáras. Tá na deora chomh fhiuch i Siria agus atá siad i Páras. Agus beidh na mairbh marbh, chomh fada céanna i Siria agus a bheidh siad i bPáras.

 

 

 

Advertisements